Tacsanomaíocht (ginearálta)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The printable version is no longer supported and may have rendering errors. Please update your browser bookmarks and please use the default browser print function instead.
Bosca Tacsa : Sampla

Is éard is tacsanomaíocht (ón nGréigis Ársa:τάξις taxis "socrú" agus νομία nomia "modh") ann ná an eolaíocht a bhaineann le haithint agus le hainmniú speiceas, agus le hiad a shocrú in aicmiú faoi leith.

Baineann réimse na tacsanomaíochta, uaireanta dá ngairtear "tacsanomaíocht na bitheolaíochta", le cur síos agus úsáid na n-aonad tacsanomaíoch, ar a dtugtar 'tacsóin' (uatha:tacsón). Bíonn tacsanomaíocht ar leith mar thoradh ar an phróiseas ("an tacsanomaíocht de ..."), eagraithe i struchtúr ordlathach nó scéim rangúcháin.

Histoire naturelle des animaux sans vertèbres of Jean-Baptiste Lamarck (1815)

Próiseas

Cuirtear síos ar orgánaigh bheo[1], a n-ainmnítear is a rangaítear iad, de réir a gcosúlachtaí is a n-éagsúlachtaí, a gcarachtar deilbheolaíoch is a ngaolta éabhlóideacha.

  • Tosaítear le 5 phríomhroinn nó ríocht de gach orgánach beo: monera (baictéir is a leithéidí), pratista (orgánaigh aoncheallacha le núicléis, mar aiméibí), fungi (beacáin is coincleacha), plantae (plandaí ilcheallacha), agus animalia (ainmhithe ilcheallacha).
  • Roinntear gach príomhroinn ina ranganna (mar shampla, rang i measc na n-animalia is ea an mamach).
  • Ansin roinntear gach rang ina oird (sampla de seo is ea na feoilitigh i measc na mamach).
  • An chéad chéim thacsanamaíoch eile is ea roinnt na n-ord ina gclanna (na hainmhithe conda i measc na bhfeoiliteach seo, mar shampla).
  • Roinntear gach clann ansin ina haicmí (cuir i gcás, an madra i measc na n-ainmhithe conda).
  • Ina dhiaidh sin roinntear gach aicme ina gnéithe ar féidir leo idirphórú go rathúil (sampla den rangú seo i measc na madraí is ea an madra baile). Ar deireadh roinntear gach gné ina speiceas (na brocairí i measc na madraí baile, abair).
CollapsedtreeLabels-simplified.svg

Eagraíocht

Is sampla de rangú nua-aimseartha an ceann a foilsíodh sa bhliain 2009 ag an nGrúpa Fhíligineacht Angaispeirmeach do gach beo-theaghlach de phlandaí bláthanna (an córas APG III).

Féach freisin

Tagairtí

  1. dar le Matt Hussey, Fréamh an Eolas, Coiscéim (2012), leathanach 637