Karl Marx

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKarl Marx

(1870í) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Karl Heinrich Marx
5 Bealtaine 1818
Trier (an Phrúis)
Bás14 Márta 1883
64 bliana d'aois
Londain (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Siocair bháisBás nádúrtha (Galar scamhóige)
Áit adhlacthaReilig Highgate Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Humboldt Bheirlín - dlí-eolaíocht, fealsúnacht (1836–)
Ollscoil Bonn (1835–1836)
Gimnasium Real Frederick William III (1830–)
Ollscoil Jena Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcéim dochtúireachta
Tráchtas acadúilDifferenz der demokritischen und epikureischen naturphilosophie (1902 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaBruno Bauer
Áit chónaitheLondain
Trier
Beirlín
Páras
Maison du Cygne - De Zwane
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreEacnamaíocht pholaitiúil, socheolaíocht agus fealsúnacht
Suíomh oibre Köln (1848–1849) Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmeacnamaí, réabhlóidí, file, polaiteoir, socheolaí, staraí, fealsamh, iriseoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirNeue Rheinische Zeitung
Rheinische Zeitung Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Conradh Cumannach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidFriedrich Gottlieb Welcker
Faoi thionchar
Ainm cleiteGlückskind Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis
Ealaíontóirí gaolmharaFriedrich Engels: Karl Marx and Friedrich Engels (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileJenny von Westphalen (1843–1881) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEleanor Marx, Frederick Demuth, leanbh a saolaíodh lasmuigh de chuing an phósta, Heinrich Edward Guy Marx, Edgar Marx, Jenny Longuet, Laura Marx, Jenny Evelin Francis Marx Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHeinrich Marx  agus Henriette Presburg
SiblínEmilie Conradi, Louise Juta, Mauritz David Marx agus Sophia Marx
Duine muintearthaLudwig von Westphalen (athair a mhná céile) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Márta 1933-Deireadh Fómhair 1933Nazi book burnings (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0555631 iTunes: 525532833 Musicbrainz: 22aff6e2-a76c-4511-a116-1f0905272e6f Discogs: 646795 IMSLP: Category:Marx,_Karl Find a Grave: 680 Cuir in eagar ar Wikidata

Fealsamh, eacnamaí, staraí, socheolaí, teoiricí is iriseoir ab ea Karl Heinrich Marx (Trier, 5 bealtaine, 1818 - Londain, 14 Márta 1883).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

An cúigiú lá de mhí na bealthaine, 1818, is ea a rugadh Marx. Ba as Trier, sa nGearmáin, é féin agus a mhuintir. Muintir ghiúdach le seanchleachtadh ag obair mar Raibithe na háite b'iad, cé gur aindiachaí a bhí ann féin. Chuaigh sé go dtí Ollscoil Bonn ag déanamh ar an bhfealsúnacht agus ar an litríocht i ndeireadh fómhair 1835, agus é seacht mbliana déag d'aois. Ach ghlac sé le mian a athair agus dhein sé staidéar ar dlí. Chuaigh sé le Club Filíochta na hOllscoile, grúpa lán le radacaigh le coimhéad na bpóilíos curtha air. Chomh maith leis sin, ba bhall é de chumann óil an Chlub Tábhairne Trier (Landsmannschaft der Treveraner). LeasUachtarán an chlub ab ea é leis.

I gceann atha, d'éirigh a chuid torthaí acadúla níos measa le linn a shaol i mBonn agus d'aistrigh sé go hOllscoil Humboldt na Beirlíne chun atmaisféar níos acadúla a fháilt.

Bhí sé dalta le Jenny von Westphalen i dTrier sa mbliain 1836. Phós siad seacht mbliana ina dhiaidh sin i Meitheamh na bliana 1843, i mBad Kreuznach.

Fuair athair Marx bás i mbealthaine 1838. Bhí gaol gairid ag Marx leis agus bhí an-mhaoithneachas aige ar sean-chuimhní a athar. San am thimpeall 1837 bhíodh sé ag scríobh ficsean is neamh-fhicsean. Scríobh sé gearrscéal grinn, Skorpion und Felix, Humoristischer Roman, agus é naoi mbliana déag, agus an dráma Oulanem dhá bhliain ina dhiaidh sin. Scríobh sé dánta grá do Jenny Marx leis, ach níor fhoilsíodh an saothar óg so le linn Marx a bheith beo. Tar éis tamall, d'éirigh sé as an bhfiscean agus phioc sé suas caitheamh aimsire eile. Béarla, Iodáilis, stair na healaíne agus aistriúcháin chlasacaigh an Laidin mar shamplaí.

D'aistrigh Marx go Köln in 1842. Thosaigh sé ag scríobh i nuachtáin radacaigh Rheinische Zeitung, agus fásadh spéis i gcúrsaí eacnamaíochta ansan. Stialladh Marx rialachas an eite dheas san Eoraip sa nuachtáin seo, chomh maith le daoine móra an liobrálachais agus daoine móra an sóisialachais san am san.

In 1843, ghlac sé post mar leas-eagrathóir an Deutsch-Französische Jahrbücher (Annáil Gearmáine-Francacha), nuachtán radacach nua i bPáras le Arnold Ruge. Mar sin, d'aistrigh sé a chónaí go Páras ag deireadh 1843, áit ar bhuail sé le Friedrich Engels i Lúnasa 1844. Scríobh Marx cúpla aiste don Jahrbücher, "Zur Kritik der Hegelschen Rechtsphilosophie" (Léirmheas Fealsúnacht Cheartais Hegel), agus Zur Judenfrage (Ar Cheist na nGiúdach). Ach ní raibh ach eagrán amháin foilsithe acu. Cuireadh cosc air sa nGearmáin agus níor chuirfeadh Ruge airgead in eagrán eile. Gan nuachtán, bhriseadh an cairdeas eatarthu, agus thosaigh Marx ag scríobh i nuachtáin eile, Vorwärts! (Ar Aghaidh !)

Dúnadh Vorwärts! in 1845, tar éis iarradh ó Rí na Prúise go rialtas na Fraince, agus cuireadh Marx amach as an tír. Chuaigh sé go dtí an Bhruiséil i mí Feabhra 1845 agus bhí air gealltanas a thabhairt. Gheall sé ná foilseodh sé rud ar bith mar gheall ar polaitíocht na linne. In 1847 thosaigh sé féin agus Engels ag scríobh Manifest der Kommunistischen Partei, nó, "Forógra na gCummanach", agus foilsíodh é chéad-uair 21 Feabhra 1848. Bliain na Réabhlóidí an bhliain sin, agus bhí sé curtha fé ghabháil ag rialtas na Beilge de bhrí gur radacach badh é. D'éalaigh sé as an tír go dtí nua-phoblacht na Fraince.

In 1848 d'aistrigh sé cónaí ar ais go Köln i ndóchas go ngabhfadh an réabhlóid go dtí an Ghearmáin. Bhunaigh sé nuachtán eile ansan, an Neue Rheinische Zeitung. Tar éis gníomh an rialtais in aghaidh réabhlóide, dúnadh an nuachtán agus díbríodh aríst é. Chuaigh sé go Páras ach chuireadh amach é mar dáinséar politiciúil. Chuaigh sé go Londain mar áit dídine agus d'fhan sé sa chathair go dtí deireadh a shaoghail i márta 1883.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]