Intel
Is é Intel Corporation an comhlacht leathsheoltóirí is mó ar domhan agus táirgeoir an réimse mhicriphróiseálaí (x86 srl.) a úsáidtear sa chuid is mó de ríomhairí pearsanta an domhain. Tá Intel lonnaithe in Santa Clara, California. Sa bhliain 2025, bhí 108,900 duine fostaithe acu ar fud an domhain, tuairim is 5,000 acu in Éirinn.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Robert Noyce agus Gordon Moore an comhlacht i 1968 faoin ainm Integrated Electronics Corporation, lonnaithe i Santa Clara, California. Ba cheannródaí é i bhforbairt sliseanna cuimhne SRAM agus DRAM.
Chuir feachtas margaíochta ainm an chomhlachta i mbéal an phobail ar fud an domhain sna 1990í, leis an sluán Intel Inside.
Intel in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Campas déantúsaíochta Intel i Léim an Bhradáin sa bhliain 1989.[2]
Sa bhliain 2022, bhí 5,000 duine atá fostaithe ag Intel in Éirinn in iomlán, i Léim an Bhradáin go háirithe.[3]
Bhí 300 duine fostaithe ag Intel i gContae an Chláir in 2025, agus d'fhógair Intel go ndúnfaidís a mhonarcha sa tSionainn faoi dheireadh na bliana.
I meamram a scaip Príomhfheidhmeannach Intel in 2025, Lip-Bu Tan, i measc fostaithe, thug sé le fios go mbeadh orthu díriú ar fhréamhacha Intel, is é sin, innealtóireacht, agus fáil réidh le casacht bhainistíochta san eagraíocht. Bhain an scéal leis an rófhás a tháinig sna 2010idí ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2025-04-25). ""Intel le suas le 20% de phoist a chiorrú" - Bloomberg" (as ga-IE).
- ↑ "Intel Leixlip" (en). Intel. Dáta rochtana: 2022-12-04.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-12-02). "Saoire gan phá tairgthe d'fhostaithe Intel in Éirinn" (as ga-IE).