Jump to content

Sechtae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadSechtae
Cineáltéacs Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
Cuid deSeanchas Mór Cuir in eagar ar Wikidata
An tús-litir maisithe A don Sechta I (Coláiste na Tríonóide, MS 1336).[1]: 236 

Is cnuasach seachtaí de chuid An Fhéineachais é an Sechtae. Faightear cúig sheachta is seasca ann ar ábhair éagsúla, ar cheann de na foinsí is faide agus is leithne ar luath dhlí na hÉireann.

Is é an naoú dréacht é atá le fáil san Senchas Már.

Lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caomhnaítear an Sechtae go iomlán in aon lámhscríbhinn amháin, Bodleian Library MS Rawlinson B 487,[2]: 34  cé go bhfuil Rudolf Thurneysen den tuairim nach bhfuil ach droch-chaighdeán aici.[3]: 58  Tá sleachta den Sechtae le fáil i roinnt lámhscríbhinní eile.[4]: 291 

Is ar cheann de na téacsanna is faide den surviving texts of Fhéineachas atá fós ar marthain é an Sechtae.[2]: 2  Is é an naoú dréacht é atá le fáil san Senchas Már, suite ag tús an trian lárnach.[5]: 243  Creidtear gur cuireadh an Seanchas le chéile idir deireadh an tseachtú haois agus tús an ochtú haois.[2]: 33 

Ní léir é ar scríobhadh an Sechtae le húdair thuata nó cléireacha. Bhí D. A. Binchy den tuairim gurbh údar tuata a bhí ann, le fianaise ann dlí scaoilte maidir le colscaradh i Seachta III.[5]: 233 

Tá cúig sheachta is seasca ann sa téacs den Sechtae, liostaí neamónacha le seacht mír ar ábhar éigin dlí, mar shampla, seacht áit nach raibh cead ann troid. Ag lua mórleithead an téacs, dúirt Rudolf Thurneysen go bhfaightear ann ábhair nach bhfuil le fáil áit ar bith eile.[2]: 34 [1]{{rp|233}[3]: 57 

Tá seacht seachta déag eile ar marthain ann as saothair eile. Cuireadh go léir le chéile i gcló iad in Ancient Laws of Ireland.[4]: 291–292  Pléadh roinnt seachtaí agus a n-ábhair luath-dhlí ag scoláirí éagsúla:[4]: 292 

Seo a leanas Seachta XLVII,[11] ina bpléitear éigniú agus caighdeán chollaí.

Tá .uii. mná la Féniu ada² dílsi² ina frithigib nacon¹ dlegar¹² díre² ná eneclainn² ina sleith; ní tuillet fiachu ná éric ina forcur cibé do-d-róna¹: echlach² oides¹ a corp do chách co rogaib³ 1 genus² (nó 2 genus³), ben ara-túaisi a sleith, ben con-ceil a forcor, ben for-curthar i cathuir ná fóccuir co ndichet do ráith, ben ara-foím immarmus do chind¹ a céile, ben ara-dála fer 2 cuice³ i muine no lige, ben ad-guid aitire Dé no duine i fomatu a cuirp, ben do-fairget²:tairg ar decmuic. It é .uii. mná inso ada tualuing taburta a corp i fomatu lánamnuis acht ná methat a ngnímu. Ní berat comperta² for fine nadbi tualuing somaine² lánamnuis.

¹: tagairt indíreach ar eDIL
²: féach fosta ar FGB
³: doiléir

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • "Ancient Laws of Ireland" (1901) 5. Baile Átha Cliath: Stationery Office.  ll. 119-351 (aistriúchán Béarla), 353-373 (seachtaí eile as aistriúcháin Bhéarla).
  • Binchy, D. A. (1978). "Corpus Iuris Hibernici (6 vols.)". Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.  1.1-64.5; 1881.9-1896.22; 537.16-549.18; 1821.28-1854.36 (Sechtae sna foinsí Sean-Ghaeilge)
  1. 1.0 1.1 Kelly, Fergus (2002). "Ireland and Europe in the early Middle Ages: texts and transmissions": 230–242. Dublin: Four Courts Press. 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Eska, Charlene M. (2022). "Lost and Found in Early Irish Law: Aidbred, Heptad 64, and Muirbretha" 36. Leiden / Boston: Brill. 
  3. 3.0 3.1 Thurneysen, Rudolf (1973). "Celtic Law Papers: Introductory to Welsh Medieval Law and Government.": 51–70. Bruxelles: Les Editions de la Librairie Encyclopédique. 
  4. 4.0 4.1 4.2 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  5. 5.0 5.1 Kelly, Fergus (1988). "A Guide to Early Irish Law" 3. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  6. Mac Néill, Eoin (1923). "Ancient Irish Law. The Law of Status or Franchise". Proceedings of the Royal Irish Academy. Section C: Archaeology, Celtic Studies, History, Linguistics, Literature 36: 265–316. JSTOR 25504234. 
  7. Thurneysen, Rudolf (1925). "Cóic Conara Fugill: Die fünf Wege zum Urteil". Berlin: Abhandlungen der Preussischen Akademie der Wissenschaften. 
  8. Thurneysen, Rudolf (1928). "Die Bürgschaft im irischen Recht". Berlin: Abhandlungen der Preussischen Akademie der Wissenschaften. 
  9. Binchy, D. A. (1938). "Sick-Maintenance in Irish Law". Ériu 12: 78–134. JSTOR 30008072. 
  10. Breatnach, Liam (1989). "The First Third of Bretha Nemed Toísech". Ériu 40: 1–40. JSTOR 30006333. 
  11. 11.0 11.1 Women and the law in early Ireland”, in: Mary OʼDowd, and Sabine Wichert (eds) ar CODECS; téacs ar CELT